Загрузка страницы

John Beag Ó Flatharta - Baile Aerach Leitir Móir

Sé Leitir Móir atá aerach sé mo léan é a bheith i bhfad siar,
Tá go leor den aos óg seo atá go brónach ina dhiaidh,
Ach marach gur uisce í an teorainn 's nach bóthar é ná sliabh,
Shiúlfainn gan aon stró é 's ní fada go mbeinn thiar.

Ó tharla go raibh sé i ndán dhom a dhul thar sáile anonn,
Go bhfuil mo chroí á réabadh 's chomh dubh le cloch den ghual,
Tá súil le Rí na nGrásta agam nach bhfaighidh mé bás go deo,
Nó go bhfeicfidh mé mo chairde a d'fhág mé i Leitir Móir.

Ó mo mhíle slán leis an mbaile breá a chaith mé seal den tsaol,
Mo bheannacht leis na locha 's leis na haibhneacha dul thríd,
An ghrian ag lonradh ar thaobh an chnoic 's ceiliúradh na gcearca fraoigh,
's an bheach ag ceol ag tabhairt a mil le n-ól 's dul ó chraobh go craobh.

Tá an cuan ag brú na hanála isteach ar bhruach na trá,
's an té ag tóraíocht follántais sé an cladhaire nach dtéann ann,
Tá leigheas ar chuile thinneas ann fiú liathachan do cheann,
's cibé áit cá rachaidh tú cá bhfaighidh tú áit ní b'fhearr.

Tá an talamh bán san earrach ann á iompú suas go dian,
Tá an fheamainn sna cladaí ann atá follán ag an síol,
Tá céachtaí i ndiaidh na gcapall ann agus fir mhaith ansiúd a gcinn,
Go dtreabhfaidh siad na machairí, tá an coimín sa Doirín.

Nuair a thiocfaidh an lá garbh 's éireoidh an fharraige ard,
Is é Leitir Móir is foscúla ar an gcósta seo le fáil,
Bíonn báid anoir ón gCeannainn ann 's iad ag seoladh anoir ón gCeann,
Go dtiocfaidh siad ar ancaire i gCrompán Aill Aráin.

Tá an trá gheal ghléigeal ina ghainneamh séidte ó dheas de Radharc an Chuain,
Tá uaisle na hÉireann ag sú na gréine 's iad ag béadáil oíche 's ló,
Tá fleadh agus féasta faoi oíche na spéire 's neart den chraic 's den cheol,
Nó go dté mé i gcré ó gairim sway do bhaile aerach Léitir Móir.

Видео John Beag Ó Flatharta - Baile Aerach Leitir Móir канала AnFearGorm
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
6 июня 2020 г. 20:32:36
00:03:51
Яндекс.Метрика