Загрузка страницы

John Beag Ó Flatharta - Rath Cairn Glas Gréine na Mí

Amhrán scríofa ag Ciarán Ó Fatharta á chasadh ag John Beag Ó Flatharta

Ó seachtó bliain bailithe 's tá an baile seo ag breathnú thar cionn,
Tá an cultúr fós fanta 's é measctha le féithe bhreá grinn,
Tá teanga na Gaeilge faoi shéala 's go bhfana sí choíchin,
I mbaile Ráth Cairn ar mhachairí fairsing na Mí.

Ó neamh é ar thalamh is tá boladh na gcrann ar chaon taobh,
Tá na meacha 's na sceacha ag baint meala as bláth chuile chraobh,
Tá na páirceanna glasa faoi gheasa ag an ngrian 's í ag dul faoi,
I mbaile na Féinne Ráth Cairn glas gréine na Mí.

Is mo ghrá iad an seandream a d'oibrigh ann le capall 's céacht,
A d'oscail an talamh 's ní ag magadh nach ndearna siad éacht,
Ní hé sin a chleacht siad ag treascairt le cladach is muir,
Maireann an talamh ach céad faraor ní mhair an té a chuir.

Má thagann tú an bealach seo feicfidh tú ceantar mar atá,
Ó oíche go maidin tá an baile thrí lasadh 's faoi bhláth,
Tá na daoine deas measúil iad geanúil ar spóirt 's ar spraoi,
Gach lá á dtéann tharainn i mbaile Ráth Cairn na Mí.

Tá an seachtó bliain bailithe 's tá tríocha le dhul go dtí an céad,
Beannacht le hanam na mairbh 's go síolraí a dtréad,
Ach go méadaí Dia an tallann atá againn 's go bhfága sé a rian,
Ar bhaile Ráth Cairn mar ní achar ró-fhada céad bliain.

Tá na deora ag sileadh 's mé ag filleadh ar an áit a bhfuil mo chroí,
Tá an baile níos treise 's níos deise ná sna laethanta a bhí,
Ach ómós ón bhfile sea suí agus tuilleadh a scríobh faoi,
Baile gach éinne Ráth Cairn glas gréine na Mí.

Видео John Beag Ó Flatharta - Rath Cairn Glas Gréine na Mí канала AnFearGorm
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
4 января 2020 г. 19:37:49
00:03:19
Яндекс.Метрика