Загрузка страницы

Ceangal Dolen II | Ciara Ní É | Ciúnas Anois

As part of Ceangal Dolen II , 6 artists received a commission of €1,500 to produce and present new work online as part of the online conference.
Ciara Ní É was one of the 2 Irish Artists involved and she premiered a brilliant piece called Ciúnas Anois on Day 1 of the conference.

Ciúnas Anois le Ciara Ní É

Ciúnas Anois is ainm don phíosa aon-radharcach seo. Is cailín coimhdeachta í Sarah atá ag tabhairt oráide ar lá bainise a cara Liz. Labhraíonn sí faoin spraoi a bhí acu le chéile thar na blianta, agus faoin dóchas atá aici dóibh beirt amach anseo. Ansin tosaíonn sí ag reic dáin a scríobh sí do Liz. Ach de réir agus í ag caint tuigimid go bhfuil rud éigin amú. Níl Sarah iomlán sásta Liz a fheiceáil pósta le Peter. B’fhéidir nár thuig Sarah féin i gceart sular thosaigh sí ag caint, ach choinnigh sí ciún le blianta fada ach anois an t-am labhairt amach. Tagann an fhírinne amach de réir a chéile go ríshoiléir.
Is iomaí rud a choimeádtar faoi cheilt go laethúil. Tuigimid nach féidir linn a bheith ionraic an t-am ar fad, agus an ceart ar fad agat - is minic a bris béal duine a shrón! Ach in amantaí níl an dara rogha againn ach an fhírinne a insint.

Tháinig dán an phíosa chugam ar dtús, thart ar dhá bhliain ó shin, ansin bhí orm an radharc a scríobh dó le go mbeadh ciall leis don lucht féachana. Rinne mé beagán forbartha air leis an stiúrthóir Hildegard Ryan in Amharclann na Mainistreach i mí Feabhra na bliana seo, nuair a bhí mé ann mar chuid den scéim Abbey 5x5, rud a chiallaigh go raibh mé réidh le léimt ar an deis don chomhdháil seo leis an bpíosa a chríochnú agus a léiriú den chéad uair.

Rinneadh taifead air seo sa stíl ‘found footage’, amhail gur fíor-óráid é seo a tharla ag fíorbhainis, agus daoine sa lucht féachana ag rinne an taifeadadh. Bhí sé deacair é seo a chur le chéile ar ghearrfhógra leis an domhan mar atá ach tá mé an-sásta leis an táirge deiridh. Táim go mór faoi chomaoin ag gach duine a thug a chuid ama dom, agus táim fíorbhuíoch do Ealaín na Gaeltachta as an deis iontach seo an píosa a chur os comhair an domhain! Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as.

Check out Ealaín na Gaeltachta online : https://ealain.ie/

Видео Ceangal Dolen II | Ciara Ní É | Ciúnas Anois канала EalainNaGaeltachta
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
13 ноября 2020 г. 20:00:16
00:08:49
Яндекс.Метрика