Загрузка страницы

Ceangal Dolen II | Sam Ó Fearraigh | Balbháin

As part of Ceangal Dolen II, an online gathering of Celtic language theatre-makers, 6 artists were commissioned to produce new work to premiere at the conference. Sam Ó Fearraigh was one of the Irish artists chosen and he presented Balbháin as part of Ceangal Dolen II.
Seo chugat cur síos ar Balbháin, an píosa úrchumtha a bheidh mé ag cur i láthair:
Gearrdhráma filiúnta do bheirt aisteoirí is ea Balbháin a chíorann an ceangal idir teanga agus féiniúlacht in dhá ghlúin: bean óg Gaeltachta ar imirce in Albain a réabann slabhra dhá mhíle bliain teanga nuair a chinneann sí gan Ghaeilge a labhairt lena páistí, agus an garmhac aiteach léi atá ag déanamh a
dhíchill an tsnaidhm a athcheangal seachtó bliain níos déanaí, gidh nach léir dó go bhfuil áit i dteanga a mhuintir dá leithéid.
Tá téama an dráma an-phearsanta domh nó tá sé bunaithe ar stair mo mhuintire féin. Chuaigh mo sheanthúistí go Glaschú sna caogaidí agus thóg clann gan Ghaeilge ann. Rinne glúin m’athara iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim ach theip orthu. Thit an rogha ormsa an téad a cheangal aríst nó an teanga a ligean le sruth.
Ach gidh go dtarraingíonn sé ar scéal mo mhuintire, chan scéal s’againne amháin atá ann. D’fhág go leor de ghlúin mo sheanmháthara a dteanga tharstu: iarracht is ea Balbháin a gcinneadh a thuigbheál, mar aon le cinneadh s’againne pilleadh uirthi. Scéal daoine óga atá ann – iad atá agus iad a bhí. Druidfear bearna seachtó bliain ar feadh achar gairid agus casfar beirt daoine óga ar a chéile atá scartha in am, ach ceangailte ina gcinnúint.
Tá an dráma scríofa mar dhá shruth cainte atá fite fuaite ina chéile - foirm a fhóireann go maith do dhráma ar ghá é a thaifeadadh faoi shrianta reatha an choróinvíreais. Gidh nach slamfhilíocht atá in Balbháin baintear leas as teicnící de chuid na filíochta – rím inmheánach, rithim, uaim, srl. – leis an scéal a chur i láthair.
--

Видео Ceangal Dolen II | Sam Ó Fearraigh | Balbháin канала EalainNaGaeltachta
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
13 ноября 2020 г. 20:00:06
00:16:28
Яндекс.Метрика