Загрузка страницы

BEO Lurgan - Some Nights cover le Fun as Gaeilge

Anois ar Spotify http://cli.re/spotify-beo

Instagram: https://www.instagram.com/tg.lurgan/?...
Twitter: https://twitter.com/tglurgan?lang=en
Facebook: https://www.facebook.com/tglurgan/
Website: https://lurgan.biz/

Liricí:

Cúrfá 1

Seo linn le chéile, can amach os ard é
Seo linne d'aon ghuth amháin
Seo linn a chairde buan', 'sé atá i ndán dúinn
Seo linn ag tabhairt faoi le cion

Tá sí fós anseo, 's airím an nós
Go bhfuil an t-athrú ' tíocht, ar ár n-intinn óó
Céard dhó a sheasaim? Céard dhó a sheasaim?
Seo linn, an rud is mó, Í 'bheith beo

Véarsa 1

Seo'd é anois é - seo'd é an t-am - is cinnte go bhfuil muid in ann
Beart 'nár gcroíthe 's ár n-anam
Líon an t-easnamh, seas an fód -- leag aon chonstaic insan ród
Ar scáth a chéile a mhaireas an croí go deo
Rachaidh muid le chéile ina treo

Droichead 1

Ardaíonn mo chroí -- glór na bpáistí 's iad ag spraoi
Is beag a sháraíonns na briathra binne gléigeal gléigeal
Seo 'd anois é, seo 'nois é mmm mmm

Cúrfá 2

Seo linn a Ghaelaibh, mairfeadh muid gach lá í,
Cuir spraoi 's bród insan saol
Seo linn go fonnmhar, áthasach 's gliondar
Seo linn gan casadh siar riamh

Tá sí fós anseo, 's airím an nós
Go bhfuil an t-athrú ' tíocht, ar ár n-intinn(e) óó
Céard dhó a sheasaim? Céard dhó a sheasaim?
Seo linn, an rud is mó, 'nois an t-am

An Chaint

Seo 'nois é,
Arbh í an chúis a bhí a'inn le 'aidh seo?
A 'ghoil sa mbeana bhaoil le 'aidh seo?
A' cailleadh cairde 's gaol le 'aidh seo?

Ach, nuair a fheicim na réalta, farraigí 's sléibhte - airím an tsaoirse
'S nuair a chloisim glórtha 's amhráin ár sinsir -- 'Nois an t-am
an t-am, Ó AN tAM

Véarsa 2

Seo'd anois é - seod é an t-am - trí nóiméad istigh i nglór amháin
A thosaigh amach gan aon treoir, 's ag díriú ar ár bplean
Muid aontaithe anois faoi stiúir an cheoil, ag cuimhniú siar ar lucht na ndeor
Ach ná ceap go ngéillfeadh muid
Ár dteanga a mhair na cianta

Droichead 2

Is minic mé ag brionglóid ar scéalta Thír na nÓg,
's Oisín agus Niamh Chinn Óir
Ó Ní chreidfeá ariamh, go bhfillfeadh an deis aríst,
Tá orainne ' bheith ann...
Le chéile...EA EAA EA EAAAA

An Chríoch

Leanfadh muid mianta ár sinsir ag tíocht anuas ó laethanta cianda,
Nárbh fhada an lá arís
Tír le teanga, Tír le h-anam
'Sí do thír í, déan do rogha....ó....
Tír le teanga, Tír le hAnam
'Sí do thír í, déan do rogha....ó....

Видео BEO Lurgan - Some Nights cover le Fun as Gaeilge канала TG Lurgan
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
10 августа 2012 г. 16:21:00
00:05:21
Яндекс.Метрика