Загрузка страницы

Seimineár 22/04/21 - Pleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Seimineár 22/04/21 - Pleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Cuireadh an seimineár seo ar siúl le pobal na Gaeltachta agus eagraíochtaí Ghaeltachta a thabhairt le chéile le dhul i mbun plé ar Pholasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht, reáchtáilte ag Conradh na Gaeilge Déardaoin 22 Aibreán ó 10.00 - 12.00.

Thug Darragh O Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, aitheasc oscailte an tseimineáir, ag labhairt ar dhearcadh a Roinne, agus na beartais atá á ghlacadh ag a Roinn, chun tabhairt faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht mar chuid den chóras pleanála.

Thug Dáithí Mac Cárthaigh cur i láthair ar chúrsaí phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht agus na moltaí atá ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge chun tabhairt faoi na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ag teacht chun cinn. Is Abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn. Tá taithí fhairsing ag Daithí plé le cearta phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tá spéis agus taithí faoi leith aige i gceist na pleanála sa Ghaeltacht. Faoi láthair tá sé ag feidhmiú mar chomhairleoir dlí do Chomharchumann Ráth Chairn sa chás dlí atá a ghlacadh ag an gComharchumann in aghaidh chinneadh an Bord Pleanála cead pleanála a dheonú d’eastáit tithíochta i Ráth Chairn.

Leanadh ansin le seisiún dianphlé ar na gnéithe ar fad den chóras pleanála atá ag imirt tionchar ar an nGaeltacht trí na rannpháirtithe a roinnt i ngrúpaí plé níos lú le cinntiú go raibh deis ag gach duine ionchur a bheith acu agus taithí agus tuairimí a roinnt. Díríodh freisin ar na céimeanna ar gá a ghlacadh chun tabhairt faoin obair stocaireachta a bheidh de dhíth chun athruithe a bhaint amach.

Mura raibh deis agat tuairimí a léiriú go pearsanta nó thar ceann eagraíochta, is féidir ionchur a bheith agat ar an bpolasaí go deireadh mhí Aibreáin (30/04/21) trí ríomhphost a chuir chuig gaeltacht@cnag.ie.

Видео Seimineár 22/04/21 - Pleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht канала Conradh na Gaeilge
Показать
Комментарии отсутствуют
Введите заголовок:

Введите адрес ссылки:

Введите адрес видео с YouTube:

Зарегистрируйтесь или войдите с
Информация о видео
27 апреля 2021 г. 19:27:16
01:20:33
Яндекс.Метрика